← Smaoinigh sé, (Proinsias), ar shean-Bheagaide achan oíche de chois na tine agus í ag comhrá le duine de na comharsana a bhí istigh ag airneál. 🔊
← Is iomaí uair a chonaic siad Beagaide chucu anuas na leacacha, uair achan mhí, nó b'fhéidir, dhá uair. 🔊✎
← Agus nuair a thosaíodh sí ar Chonchúr an Dá Chaorach, nó ar Scéal Níon Rí na Binne Brice, shuíodh na páistí agus gan bogadh iontu ach ag tabhairt cluaise di. 🔊